“Almost like a real web site”
 

IN7OMM.COM
Search | Contact
News | e-News |
Rumour Mill | Stories
Foreign Language
in70mm.com auf Deutsch

WHAT'S ON IN 7OMM?

7OMM FESTIVAL
Todd-AO Festival
KRRR! 7OMM Seminar
GIFF 70, Gentofte
Oslo 7OMM Festival
Widescreen Weekend

TODD-AO
Premiere | Films
People | Equipment
Library | Cinemas
Todd-AO Projector
Distortion Correcting

PANAVISION
Ultra Panavision 70
Super Panavision 70
 

VISION, SCOPE & RAMA
1926 Natural Vision
1929 Grandeur
1930 Magnifilm
1930 Realife
1930 Vitascope
1952 Cinerama
1953 CinemaScope
1955 Todd-AO
1955 Circle Vision 360
1956 CinemaScope 55
1957 Ultra Panavision 70
1958 Cinemiracle
1958 Kinopanorama
1959 Super Panavision 70
1959 Super Technirama 70
1960 Smell-O-Vision
1961 Sovscope 70
1962
Cinerama 360
1962 MCS-70
1963 70mm Blow Up
1963 Circarama
1963 Circlorama
1966 Dimension 150
1966
Stereo-70
1967 DEFA 70
1967 Pik-A-Movie
1970 IMAX / Omnimax
1974 Cinema 180
1974 SENSURROUND
1976 Dolby Stereo
1984 Showscan
1984 Swissorama
1986 iWERKS
1989 ARRI 765
1990 CDS
1994 DTS / Datasat
2001 Super Dimension 70
2018 Magellan 65

Various Large format | 70mm to 3-strip | 3-strip to 70mm | Specialty Large Format | Special Effects in 65mm | ARC-120 | Super Dimension 70Early Large Format
7OMM Premiere in Chronological Order

7OMM FILM & CINEMA

Australia | Brazil
Canada | Denmark
England | France
Germany | Iran
Mexico | Norway
Sweden | Turkey
USA

LIBRARY
7OMM Projectors
People | Eulogy
65mm/70mm Workshop
The 7OMM Newsletter
Back issue | PDF
Academy of the WSW

7OMM NEWS
• 2026 | 2025 | 2024
2023 | 2022 | 2021
2020 | 2019 | 2018
2017 | 2016 | 2015
2014 | 2013 | 2012
2011 | 2010 | 2009
2008 | 2007 | 2006
2005 | 2004 | 2003
2002 | 2001 | 2000
1999 | 1998 | 1997
1996 | 1995 | 1994
 

in70mm.com Mission:
• To record the history of the large format movies and the 70mm cinemas as remembered by the people who worked with the films. Both during making and during running the films in projection rooms and as the audience, looking at the curved screen.
in70mm.com, a unique internet based magazine, with articles about 70mm cinemas, 70mm people, 70mm films, 70mm sound, 70mm film credits, 70mm history and 70mm technology. Readers and fans of 70mm are always welcome to contribute.

Disclaimer | Updates
Support us
Testimonials
Table of Content
 

 
 
Extracts and longer parts of in70mm.com may be reprinted with the written permission from the editor.
Copyright © 1800 - 2070. All rights reserved.

Visit biografmuseet.dk about Danish cinemas

 

Tuairisc Todd-AO agus Cinerama in Éirinn

Read more at
in70mm.com
The 70mm Newsletter
Le Brian MacEochaidhín, Baile Átha Cliath, Éire Date: 01.07.2010. Updated 12.03.2014
An sean-phictiúrlann Adelphi, Sráid na Mainistreach, Baile Átha Cliath. Mhair an phictiúrlann ó 1939 go 1995. Inniú, go mór an trua é, is carr-chlós í. Tram LUAS Alstom Citadis ó 2004 ag dul thart. Dáta: 8ú Bealtaine 2010. Grianghraf 35mm le Brian MacEochaidhín.

Thosaigh “Breath-taking Todd-AO” in Éirinn ar Lá le Stiofán 1958 i bPictiúrlann Adelphi i mBaile Átha Cliath. B’é "South Pacific" in éineacht leis an gearrscannán "The Miracle of Todd-AO" an chéad clár Todd-AO a léireadh san tír seo. Ag an am sin, b’é an Pictiúrlann Adelphi ceann is mór de na pictiúrlanna sa cathrach, le níos mó ná 2000 suíocháin.

Bhí dhá teilgeoirí nua 35mm den comhlucht Ross réidh chun cur isteach, nuair a shocraíodh dul chun cinn leis an gcóras Todd-AO. Cuireadh isteach ina ionad na teilgeoirí Philips DP70, ar mhaithe gnáthoireacha scannán Baile Átha Cliath.

Babhta rathúil naoi tseachtain do bhí ag "South Pacific" agus "The Miracle of Todd-AO", cé nach raibh tuairisceoir scannán The Irish Times ró-díograiseach:

Unfortunately "South Pacific"...is considerably more shallow than the new system

agus

I feel...that its slight and charming story has been blown up too much to fill in two hours

Ba é níos díograiseach i leith an tionscnamh nua, áfach:

Undoubtedly, Todd-AO gives greater depth of vision

agus freisin

I recommend the short and admirable trailer film...which shows better than I can describe in writing its exceptional capacities
 
More in 70mm reading:

Todd-AO & Cinerama in Ireland

70mm In the Emerald Isle

65/70mm Workshop

Internet link:

 

 

Fógra nuachtán don South Pacific ag an bPictiúrlann Adelphi san Evening Press, 12ú Mí na Nollag, 1958. Tionóladh príomh-léiriú an scannán ann ar 11ú Mí na Nollag. Buíochas le Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Bhí teacht Todd-AO (bunaithe le Mike Todd agus The American Optical Company) tráthúil. I gcomhar Mí na Samhna 1958 d’fhógraidh an t-uasal Edward A. Grace, rúnaí Irish Cinemas Ltd.:

every new television set purchased [means] 100 less cinema attendances a year

I dtús bhí an Adelphi an t-aon láthair leis an córas Todd-AO in Éirinn, go dtí teacht pictiúrlainn eile le gcórais Cinerama aon-bhanda agus Super Panavision 70 ina dhiaidh sin. Taispeánadh teidil Todd-AO tar éis sin ag an Dublin Cinerama Theatre mar shampla (thíos), a rinne reáchtáil eiseamláireach 91 seachtain le “The Sound of Music” ó 21 Bealtaine, 1966 go dtí 15 Feabhra, 1968, agus ag an Ambassador Cinema (“Doctor Dolittle” ón 22ú Nollaig 1967 go 8 Feabhra, 1968) [1].

Bhí cleachtadh speisialta ag an Adelphi ó thosadh Todd-AO le húsáid laindéair diffriúla i gcóir léiriú 35mm agus 70mm de réir an méid solas a bhí ag teastáil uathu. I gcomhar 35mm, baineadh úsáid as laindéair Peerless Magnarc, agus i gcomhar 70mm, laindéair nios mó Mole Richardson. Ina dhiaidh sin, cuireadh deireadh leis an réiteach seo le húsáid laindéair feidhm-dhúbailte Strong Futura.

Nuair a bhí léiriú 70mm ar siúil ag an Adelphi, bhí beirt oibritheor sa seomra teilgthe agus triúir, uaireanta. Roimh gach taispeántas bhi teilgeoir amháin socrú le 70mm agus teilgeoir eile socrú le 35mm. Le linn an chéad ríl den príomhscannán bheith ar siúil, cuireadh athordú ar an teilgeoir 35mm in oiriúint don cruth 70mm.

Léireadh an scannán "Gone With the Wind" i leagan 70mm ag an Adelphi i 1968 agus babhta an-rathúil a bhi aige. Ina dhiaidh sin inroinntíodh an pictiúrlann de réir gnáis an tráth sin.
 
 
Sean-phictiúrlann an Dublin Cinerama Theatre, Sráid Thalbóid, Baile Átha Cliath, ar 8ú Bealtaine 2010. Bhí amharclann an phictiúrlann seo (atá scartáladh anois) i gcomhthreo leis an tsráid amuigh. Grianghraf 35mm le Brian MacEochaidhín.

Sa bhliain míle naoi gcéad seasca trí tháinig amach an chéad oibriú scannán bratleathan eile, Cinerama, ag an Dublin Electric Theatre i Sráid Thalbóid, Baile Átha Cliath. Cuireadh ainm nua ar an bpictiúrlann seo i gcóir na hócáide: an Dublin Cinerama Theatre. Thosaigh an mealladh nua seo ar 14ú Aibreán 1963 le taispeántas carthanach This is Cinerama. Bhi an t-Ardmhéara, an t-uasal P. Spellman, príomh-stiúrthóir Cinerama Inc. An Bhreatain agus Éire, agus an t-uasal Bertie McNally, úinéir an phictiúrlann, i láthair. An chéad lá eile, d’fhógraigh an Irish Independent: SPECTACULAR CINERAMA IS HERE. Dúirt said go raibh na oibreacha tógála sé seachtain ina dhéanamh. Chomh maith leis sin:

it will be the only cinema in Ireland where Cinerama will be shown

Thug an tuairisceoir faoi deara arsma clúdach cruthaithe ag an córas tríú-bhanda sainiúil:

[a] sensation of dizziness...was very evident

Bhi feachtas bolscaireachta mór ar siúil an chéad lá eile le fógradh mór ar leathanach a chúig den bpáipéar céanna.
 
 
Fógra nuachtán do Cinerama ag an Dublin Cinerama Theatre ó 1963. Buíochas le Roland Lataille

I mí Iúil 1963 thosaigh "Seven Wonders of the World" (“The Second Great Cinerama Attraction”) agus rith sé ar feadh sé mhí. Leanadh é seo in Eanair 1964 le "South Seas Adventure". agus ina dhiaidh sin i mí Bealtaine "Search for Paradise". Go luath d’fhógraigh an phictiúrlann:

Coming Friday 12th June: The first story to be told in Cinerama: “HOW THE WEST WAS WON” with 24 leading stars, 3 top directors, and a cast of thousands. Booking will open June 5th

Rith "How the West Was Won" ar feadh seacht mhí go dtí 21ú Eanair 1965. Tar éis sin thosaigh "The Wonderful World of the Brothers Grimm" agus chríochnaigh sé ar 23ú Bealtaine 1965.

D’anneoin gur cúis bhróid don pictiúrlann gurb é “The only theatre In Ireland that can and will show Cinerama”, cuireadh deireadh go gairid leis an córas sainiúil tríú-bhanda ina dhiaidh sin. As sin amach baineadh usáid as an gcóras Cinerama aon-bhanda, agus d’oscail an pictiúrlann arís ar 28ú Bealtaine 1965 i ndiaidh athchóiriú leis an scannán Cinerama aon-bhanda "It’s A Mad Mad Mad Mad World", á stiúradh le Stanley Kramer. “...ultra Cinerama equipment” a bhí in úsáid anois ag an bpictiúrlann, agus is dócha gur tagairt don gcóras Ultra Panavision 70 a b’é seo.

I 1968 cuireadh ainm nua ar an bpictiúrlann, an Superama Theatre. I ndeireadh na dála, áfach, dúnadh an pictiúrlann seo i 1974.
 
 
Taobh istigh den Plaza Cinerama Theatre. Buíochas le Mike Taylor / PPT Northwest Collection / International Cinerama Society

Níorbh críoch an scéal é áfach. I 1967 oscaileadh láthair Cinerama eile, ag an Plaza, ar Rae Granby in aice le Sráid Dorset. Foirgneamh gránna a ba an Plaza tar éis oibreacha togála a dhéanamh air, ach cur an fógra mór Cinerama roinnt maisiúcháin ar a éadan.
 
 
Tuarascáil ar an Plaza Cinerama Theatre as Ideal Kine (Kinematograph Weekly), 9ú Meán Fómhair 1967. Buíochas le Mike Taylor / PPT Northwest Collection / International Cinerama Society

Bhí an córas aon-bhanda Cinerama déanach ina usáid ag an Plaza. D’oscail an pictiúrlann leis an teideal Cinerama aon-bhanda "Grand Prix" agus bhreathnaigh an t-údar ar an scannán tábhactach "2001: A Space Odyssey" ann i 1978. Ar an drochuair, dhún an Plaza i 1981 agus ina ionad oscaileadh taispeántas dealbh cearach. Scartáladh an foirgneamh i 2005 agus tá óstlann ar a shuíomh inniú.
 
 
Priomh pictiúrlann na hÉireann, an pictiúrlann Savoy, i Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath. Is minic go tionóltar príomh-léiriú scannáin ann. Dáta: 8ú Bealtaine 2010. Grianghraf 35mm le Brian MacEochaidhín.

D’anneoin stádas ard pictiúrlann an Savoy i Sráid Uí Chonaill i Baile Átha Cliath, níor thosaigh an córas 70mm ansin go dtí 1969 [2]. Cuireadh isteach an oibriú scannán bratleathan CineamaScóp sa phictiúrlann seo i 1954, ag léireadh an scannán "The Robe".
 
 
Taobh istigh den bpictiúrlann Savoy, ar an 30ú Meán Fómhair 2008. Grianghraf 35mm le Brian MacEochaidhín.

 
 
Grianghraf a hocht (Photo 8)

Teilgeoir Cinemeccanica Victoria 8 i seomra teilgthe an pictiúrlann Savoy, ar 30ú Meán Fómhair 2008. Grianghraf 35mm le Brian MacEochaidhín.

D’obraigh an comhlucht Sasanach The Rank Organisation an Savoy ins na seascaidí agus i gcomhar an cruth 70mm chuir siad isteach na teilgeoirí RK60 (go fíor, an teilgeoir Cinemaccanica Victoria 8). Ba é an chéad scannán 70mm ann "The Greatest Story Ever Told" (Ultra Panavision 70).

I measc na bpictiúrlanna eile i mBaile Átha Cliath bhí an Ambassador, agus an State i mBaile Phib cóirithe i gcomhar 70mm freisin.
 
 
An sean-phictiúrlann Ambassador, Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath, ar 8ú Bealtaine 2010. Baineann úsáid as an bpictiúrlann seo inniú i gcomhar taispeántais. Tá an Ambassador san fhoirgneamh chéanna leis an amharclann cáiliúil Éireannach The Gate Theatre. Grianghraf 35mm le Brian MacEochaidhín.

Tharla ré nua na bpictiúrlainne in Éirinn le teacht na hamharclainn iolraigh agus an comhlucht Meiriceánach United Cinemas International (UCI) i 1990. Cuireadh isteach teilgeoir 70mm Cinemeccanica Victoria 8 ag an bpictiúrlann UCI Tallaght le haghaidh scannán mór téama Ghaelach, "Far and Away". Ach, trua a rá, baineadh amach an teilgeoir seo tar éis críoch léiriú an scannán.

 
 
Fógra nuachtán taispeántas speisialta 70mm sa Point Theatre (anois an O2), Baile Átha Cliath, i 1993. D’fhoilsíodh an fógra seo san Irish Times ar 3ú Meán Fómhair, 1993. Buíochas leis an Irish Times

Timpeall an ama seo, tionóladh ag an Lár-ionad Scannán na hÉireann (Institiúid Náisiúnta na Scannán Éire sa lá atá inniú ann) taispeántas scannáin speisialta 70mm san amharclann cheoil an Point Theatre i mBaile Átha Cliath ar 5ú Meán Fómhair 1993. Ar an gclár bhí "Playtime" agus "2001: A Space Odyssey" - teidil 65mm agus "ET: The Extra-Terrestrial", "Die Hard" agus "The Little Shop of Horrors" (1986) - teidil 35mm méadaithe go 70mm.

De réir tomhas beag na tíre thug anall fearas teilgthe as An Bhreatain leis an comhlucht Londaine Projection & Display Services Ltd.
 
 
DP70 projector at the Irish Film Institute. Image by Thomas Hauerslev

Cosúil le tíora eile chuaigh an cruth 70mm i laghad sna 1990s. I 2001 áfach cuireadh isteach teilgeoir 70mm an Philips DP70 in aitribh Institiúid Náisiúnta na Scannán Éire i Sráid an Iústásaigh, Baile Átha Cliath. Tháinig an teilgeoir seo, in éineacht lena comh-teilgeoir, ón bpictiúrlann Curzon Shaftesbury Avenue i Londain. Le gairid léirigh an Institiúid an scannán 65/70mm "2001: A Space Odyssey", agus ón Fhrainc, an scannán "8 Juin 1968" á stiúradh leis an ealaíontóir Philippe Parreno.

Níl fios ag an údar, go trua, ar cuireadh isteach an córas Todd-AO / 70mm i gcathracha eile in Éirinn.
 
 

Buíochas

 
An t-Uasal Antaine Ó Fuaráin, iar-Ardoibritheor an Pictiúrlann Adelphi, Baile Átha Cliath; Mike Taylor; Roland Lataille; The Irish Times
 
 

Foinsí Doiciméadacha

 
The Evening Press
The Irish Independent
The Irish Times
The History of Dublin Cinemas, Zimmermann, Marc, Nonsuch Publishing 2007

Tá gach grianghraf 35mm déanta ag an údar ach amháin nuair a léiriú
 
 

Ceartúchán 10.3.2014

 
1. Dúirt an t-alt bunaidh:
Is cosúil go raibh an Adelphi an t-aon láthair leis an córas Todd-AO in Éirinn, ainneoin na bpictiúrlainn eile le gcórais Cinerama aon-bhanda agus Super Panavision 70 ina dhiaidh sin.
Buíochas le Barry Monush chun béim earráid seo agus tuilleadh taighde ag an údar a spreagadh.
Dátaí cruinn do “The Sound of Music” ag an Dublin Cinerama Theatre:
Dé hAoine 20 Bealtaine, 1966 (Taibhiú ar son carthanachta)
Dé Sathairn 21 Bealtaine, 1966 (An chéad lá de reáchtáil; in áit “The Greatest Story Ever Told”)
Déardaoin 15 Feabhra, 1968 (Lá deireanach; ina dhiaidh sin, “Khartoum”)
Casta seo amach gurb é rith is faide le haghaidh aon scannán in Éirinn ag an am. Dúirt an fhógraíocht in aice le deireadh na reáchtáil: "Tá níos mó ná leath mhilliún duine a bhfuil sé le feiceáil arís agus arís eile!"

2. 1968 a bheith san alt ar dtús; buíochas do John Doyle as a cheartú
 
 
 
Go: back - top - back issues - news index
Updated 21-01-24