| |
Tuairisc Todd-AO agus Cinerama in Éirinn
|
Read more
at
in70mm.com
The 70mm Newsletter
|
Le Brian
MacEochaidhín, Baile Átha Cliath, Éire |
Date:
01.07.2010 |
An sean-phictiúrlann Adelphi, Sráid na Mainistreach, Baile Átha Cliath.
Mhair an phictiúrlann ó 1939 go 1995. Inniú, go mór an trua é, is
carr-chlós í. Tram LUAS Alstom Citadis ó 2004 ag dul thart. Dáta: 8ú
Bealtaine 2010. Grianghraf 35mm le Brian MacEochaidhín.
Thosaigh “Breath-taking Todd-AO” in Éirinn ar Lá le Stiofán 1958 i
bPictiúrlann Adelphi i mBaile Átha Cliath. B’é "South Pacific" in éineacht
leis an gearrscannán "The Miracle of Todd-AO" an chéad clár Todd-AO a
léireadh san tír seo. Ag an am sin, b’é an Pictiúrlann Adelphi ceann is
mór de na pictiúrlanna sa cathrach, le níos mó ná 2000 suíocháin.
Bhí dhá teilgeoirí nua 35mm den comhlucht Ross réidh chun cur isteach,
nuair a shocraíodh dul chun cinn leis an gcóras Todd-AO. Cuireadh
isteach ina ionad na teilgeoirí Philips DP70, ar mhaithe gnáthoireacha
scannán Baile Átha Cliath.
Babhta rathúil naoi tseachtain do bhí ag "South Pacific" agus
"The Miracle of Todd-AO", cé nach raibh tuairisceoir scannán The Irish Times
ró-díograiseach:
Unfortunately "South Pacific"...is considerably more shallow than the new
system
agus
I feel...that its slight and charming story has been blown up too much
to fill in two hours
Ba é níos díograiseach i leith an tionscnamh nua, áfach:
Undoubtedly, Todd-AO gives greater depth of vision
agus freisin
I recommend the short and admirable trailer film...which shows better
than I can describe in writing its exceptional capacities
|
More
in 70mm reading:
Todd-AO & Cinerama in Ireland
70mm In the Emerald Isle
65/70mm Workshop
|
Fógra
nuachtán don South Pacific ag an bPictiúrlann Adelphi san Evening Press, 12ú
Mí na Nollag, 1958. Tionóladh príomh-léiriú an scannán ann ar 11ú Mí na
Nollag. Buíochas le Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Bhí teacht Todd-AO (bunaithe le Mike Todd agus The American Optical
Company) tráthúil. I gcomhar Mí na Samhna 1958 d’fhógraidh an t-uasal
Edward A. Grace, rúnaí Irish Cinemas Ltd.:
every new television set purchased [means] 100 less cinema attendances a
year
I dtús bhí an Adelphi an t-aon láthair leis an córas Todd-AO in Éirinn,
go dtí teacht pictiúrlainn eile le gcórais Cinerama aon-bhanda agus Super
Panavision 70 ina dhiaidh sin. Taispeánadh teidil Todd-AO tar éis sin ag an
Dublin Cinerama Theatre mar shampla (thíos), a rinne reáchtáil
eiseamláireach 91 seachtain le “The Sound of Music” ó 21 Bealtaine,
1966 go dtí 15 Feabhra, 1968, agus ag an Ambassador Cinema (“Doctor
Dolittle” ón 22ú Nollaig 1967 go 8 Feabhra, 1968) [1].
Bhí cleachtadh speisialta ag an Adelphi ó thosadh Todd-AO le húsáid
laindéair diffriúla i gcóir léiriú 35mm agus 70mm de réir an méid solas
a bhí ag teastáil uathu. I gcomhar 35mm, baineadh úsáid as laindéair
Peerless Magnarc, agus i gcomhar 70mm, laindéair nios mó Mole
Richardson. Ina dhiaidh sin, cuireadh deireadh leis an réiteach seo le
húsáid laindéair feidhm-dhúbailte Strong Futura.
Nuair a bhí léiriú 70mm ar siúil ag an Adelphi, bhí beirt oibritheor sa
seomra teilgthe agus triúir, uaireanta. Roimh gach taispeántas bhi
teilgeoir amháin socrú le 70mm agus teilgeoir eile socrú le 35mm. Le
linn an chéad ríl den príomhscannán bheith ar siúil, cuireadh athordú ar
an teilgeoir 35mm in oiriúint don cruth 70mm.
Léireadh an scannán "Gone With the Wind" i leagan 70mm ag an Adelphi i
1968 agus babhta an-rathúil a bhi aige. Ina dhiaidh sin inroinntíodh an
pictiúrlann de réir gnáis an tráth sin.
|
|
Sean-phictiúrlann an Dublin Cinerama Theatre, Sráid Thalbóid, Baile Átha
Cliath, ar 8ú Bealtaine 2010. Bhí amharclann an phictiúrlann seo (atá
scartáladh anois) i gcomhthreo leis an tsráid amuigh. Grianghraf 35mm le
Brian MacEochaidhín.
Sa bhliain míle naoi gcéad seasca trí tháinig amach an chéad oibriú
scannán bratleathan eile, Cinerama, ag an Dublin Electric Theatre i
Sráid Thalbóid, Baile Átha Cliath. Cuireadh ainm nua ar an bpictiúrlann
seo i gcóir na hócáide: an Dublin Cinerama Theatre. Thosaigh an mealladh
nua seo ar 14ú Aibreán 1963 le taispeántas carthanach This is Cinerama.
Bhi an t-Ardmhéara, an t-uasal P. Spellman, príomh-stiúrthóir Cinerama
Inc. An Bhreatain agus Éire, agus an t-uasal Bertie McNally, úinéir an
phictiúrlann, i láthair. An chéad lá eile, d’fhógraigh an Irish
Independent: SPECTACULAR CINERAMA IS HERE. Dúirt said go raibh na
oibreacha tógála sé seachtain ina dhéanamh. Chomh maith leis sin:
it will be the only cinema in Ireland where Cinerama will be shown
Thug an tuairisceoir faoi deara arsma clúdach cruthaithe ag an córas
tríú-bhanda sainiúil:
[a] sensation of dizziness...was very evident
Bhi feachtas bolscaireachta mór ar siúil an chéad lá eile le fógradh mór
ar leathanach a chúig den bpáipéar céanna.
|
|
Fógra nuachtán do Cinerama ag an Dublin Cinerama Theatre ó 1963.
Buíochas le Roland Lataille
I mí Iúil 1963 thosaigh "Seven Wonders of the World" (“The Second Great
Cinerama Attraction”) agus rith sé ar feadh sé mhí. Leanadh é seo in
Eanair 1964 le "South Seas Adventure". agus ina dhiaidh sin i mí Bealtaine
"Search for Paradise". Go luath d’fhógraigh an phictiúrlann:
Coming Friday 12th June: The first story to be told in Cinerama: “HOW
THE WEST WAS WON” with 24 leading stars, 3 top directors, and a cast of
thousands. Booking will open June 5th
Rith "How the West Was Won" ar feadh seacht mhí go dtí 21ú Eanair 1965.
Tar éis sin thosaigh "The Wonderful World of the Brothers Grimm" agus
chríochnaigh sé ar 23ú Bealtaine 1965.
D’anneoin gur cúis bhróid don pictiúrlann gurb é “The only theatre In
Ireland that can and will show Cinerama”, cuireadh deireadh go gairid
leis an córas sainiúil tríú-bhanda ina dhiaidh sin. As sin amach
baineadh usáid as an gcóras Cinerama aon-bhanda, agus d’oscail an
pictiúrlann arís ar 28ú Bealtaine 1965 i ndiaidh athchóiriú leis an
scannán Cinerama aon-bhanda "It’s A Mad Mad Mad Mad World", á stiúradh le
Stanley Kramer. “...ultra Cinerama equipment” a bhí in úsáid anois ag an
bpictiúrlann, agus is dócha gur tagairt don gcóras Ultra Panavision 70 a
b’é seo.
I 1968 cuireadh ainm nua ar an bpictiúrlann, an Superama Theatre. I
ndeireadh na dála, áfach, dúnadh an pictiúrlann seo i 1974.
|
|
Taobh istigh den Plaza Cinerama Theatre. Buíochas le Mike Taylor / PPT
Northwest Collection / International Cinerama Society
Níorbh críoch an scéal é áfach. I 1967 oscaileadh láthair Cinerama eile,
ag an Plaza, ar Rae Granby in aice le Sráid Dorset. Foirgneamh gránna a
ba an Plaza tar éis oibreacha togála a dhéanamh air, ach cur an fógra
mór Cinerama roinnt maisiúcháin ar a éadan.
|
|
Tuarascáil ar an Plaza Cinerama Theatre as Ideal Kine (Kinematograph
Weekly), 9ú Meán Fómhair 1967. Buíochas le Mike Taylor / PPT Northwest
Collection / International Cinerama Society
Bhí an córas aon-bhanda Cinerama déanach ina usáid ag an Plaza. D’oscail
an pictiúrlann leis an teideal Cinerama aon-bhanda "Grand Prix" agus
bhreathnaigh an t-údar ar an scannán tábhactach "2001: A Space Odyssey" ann i 1978. Ar an drochuair, dhún an Plaza i 1981 agus ina ionad
oscaileadh taispeántas dealbh cearach. Scartáladh an foirgneamh i 2005
agus tá óstlann ar a shuíomh inniú.
|
|
Priomh pictiúrlann na hÉireann, an pictiúrlann Savoy, i Sráid Uí
Chonaill, Baile Átha Cliath. Is minic go tionóltar príomh-léiriú
scannáin ann. Dáta: 8ú Bealtaine 2010. Grianghraf 35mm le Brian
MacEochaidhín.
D’anneoin stádas ard pictiúrlann an Savoy i Sráid Uí Chonaill i Baile
Átha Cliath, níor thosaigh an córas 70mm ansin go dtí 1969 [2]. Cuireadh
isteach an oibriú scannán bratleathan CineamaScóp sa phictiúrlann seo i
1954, ag léireadh an scannán "The Robe".
|
|
Taobh istigh den bpictiúrlann Savoy, ar an 30ú Meán Fómhair 2008.
Grianghraf 35mm le Brian MacEochaidhín.
|
|
Grianghraf a hocht (Photo 8)
Teilgeoir Cinemeccanica Victoria 8 i seomra teilgthe an pictiúrlann
Savoy, ar 30ú Meán Fómhair 2008. Grianghraf 35mm le Brian MacEochaidhín.
D’obraigh an comhlucht Sasanach The Rank Organisation an Savoy ins na
seascaidí agus i gcomhar an cruth 70mm chuir siad isteach na teilgeoirí
RK60 (go fíor, an teilgeoir Cinemaccanica Victoria 8). Ba é an chéad
scannán 70mm ann "The Greatest Story Ever Told" (Ultra Panavision 70).
I measc na bpictiúrlanna eile i mBaile Átha Cliath bhí an Ambassador,
agus an State i mBaile Phib cóirithe i gcomhar 70mm freisin.
|
|
An sean-phictiúrlann Ambassador, Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath,
ar 8ú Bealtaine 2010. Baineann úsáid as an bpictiúrlann seo inniú i
gcomhar taispeántais. Tá an Ambassador san fhoirgneamh chéanna leis an
amharclann cáiliúil Éireannach The Gate Theatre. Grianghraf 35mm le
Brian MacEochaidhín.
Tharla ré nua na bpictiúrlainne in Éirinn le teacht na hamharclainn
iolraigh agus an comhlucht Meiriceánach United Cinemas International
(UCI) i 1990. Cuireadh isteach teilgeoir 70mm Cinemeccanica Victoria 8
ag an bpictiúrlann UCI Tallaght le haghaidh scannán mór téama Ghaelach,
"Far and Away". Ach, trua a rá, baineadh amach an teilgeoir seo tar éis
críoch léiriú an scannán.
|
|
Fógra nuachtán taispeántas speisialta 70mm sa Point Theatre (anois an
O2), Baile Átha Cliath, i 1993. D’fhoilsíodh an fógra seo san Irish
Times ar 3ú Meán Fómhair, 1993. Buíochas leis an Irish Times
Timpeall an ama seo, tionóladh ag an Lár-ionad Scannán na hÉireann
(Institiúid Náisiúnta na Scannán Éire sa lá atá inniú ann) taispeántas
scannáin speisialta 70mm san amharclann cheoil an Point Theatre i mBaile
Átha Cliath ar 5ú Meán Fómhair 1993. Ar an gclár bhí "Playtime" agus
"2001:
A Space Odyssey" - teidil 65mm agus "ET: The Extra-Terrestrial",
"Die Hard" agus "The Little Shop of Horrors" (1986) - teidil 35mm méadaithe go 70mm.
De réir tomhas beag na tíre thug anall fearas teilgthe as An Bhreatain
leis an comhlucht Londaine Projection & Display Services Ltd.
|
|
DP70
projector at the Irish Film Institute. Image by Thomas Hauerslev
Cosúil le tíora eile chuaigh an cruth 70mm i laghad sna 1990s. I 2001
áfach cuireadh isteach teilgeoir 70mm an Philips DP70 in aitribh
Institiúid Náisiúnta na Scannán Éire i Sráid an Iústásaigh, Baile Átha
Cliath. Tháinig an teilgeoir seo, in éineacht lena comh-teilgeoir, ón
bpictiúrlann Curzon Shaftesbury Avenue i Londain. Le gairid léirigh an
Institiúid an scannán 65/70mm "2001: A Space Odyssey", agus ón Fhrainc, an
scannán "8 Juin 1968" á stiúradh leis an ealaíontóir Philippe Parreno.
Níl fios ag an údar, go trua, ar cuireadh isteach an córas Todd-AO /
70mm i gcathracha eile in Éirinn.
|
|
Buíochas
|
|
An t-Uasal Antaine Ó Fuaráin, iar-Ardoibritheor an Pictiúrlann Adelphi,
Baile Átha Cliath; Mike Taylor; Roland Lataille; The Irish Times
|
|
Foinsí Doiciméadacha
|
|
The Evening Press
The Irish Independent
The Irish Times
The History of Dublin Cinemas, Zimmermann, Marc, Nonsuch Publishing 2007
Tá gach grianghraf 35mm déanta ag an údar ach amháin nuair a léiriú
|
|
Ceartúchán 10.3.2014
|
|
1. Dúirt an t-alt bunaidh:
Is cosúil go raibh an Adelphi an t-aon láthair leis an córas
Todd-AO in
Éirinn, ainneoin na bpictiúrlainn eile le gcórais Cinerama aon-bhanda agus
Super
Panavision 70 ina dhiaidh sin.
Buíochas le Barry Monush chun béim earráid seo agus tuilleadh taighde ag an
údar a spreagadh.
Dátaí cruinn do “The Sound of Music” ag an Dublin Cinerama Theatre:
Dé hAoine 20 Bealtaine, 1966 (Taibhiú ar son carthanachta)
Dé Sathairn 21 Bealtaine, 1966 (An chéad lá de reáchtáil; in áit “The
Greatest Story Ever Told”)
Déardaoin 15 Feabhra, 1968 (Lá deireanach; ina dhiaidh sin, “Khartoum”)
Casta seo amach gurb é rith is faide le haghaidh aon scannán in Éirinn ag an
am. Dúirt an fhógraíocht in aice le deireadh na reáchtáil: "Tá níos mó ná
leath mhilliún duine a bhfuil sé le feiceáil arís agus arís eile!"
2. 1968 a bheith san alt ar dtús; buíochas do John Doyle as a cheartú
|
|
|
|
Go: back
- top - back issues
- news index
Updated
09-01-25 |
|
|